Zum Inhalt springen
Licitop.eu

Éire – Advertising services – Feachtas Cumarsáide ar Bhuntáistí Fhoghlaim na Gaeilge i Scoileanna meán-Bhéarla

Geschlossen Auftragsbekanntmachung Speichern

Beschreibung

Táimid ar lorg áisíneacht dearadh cruthaitheach/ cumarsáide chun plean agus feachtas cuimsitheach a dhearadh, a fhorbairt, agus a sholáthar a dhíríonn ar bhunscoileanna agus iar bhunscoileanna meán-Bhéarla, ar institiúidí ardoideachais agus ar mhúinteoirí faoi oiliúint freisin. Cuirfidh an feachtas ról na Gaeilge san fhéiniúlacht náisiúnta cultúrtha chun cinn agus cuirfidh sé béim ar na buntáistí leathana a bhaineann le foghlaim agus labhairt na teanga do gach páiste/duine óg ó gach saghas cúlra agus le gach saghas proifíle; buntáistí cultúrtha, sóisialta, gairmiúla, agus eacnamaíocha san áireamh. Aidhmeanna • Chun feasacht a ardú ar thábhacht na Gaeilge mar ghné lárnach den fhéiniúlacht chultúrtha • Chun dul i bhfeidhm go dearfach ar dhearcthaí i dtreo fhoghlaim agus labhairt na Gaeilge i measc daltaí agus daoine óga • Chun buntáistí fhoghlaim agus labhairt na Gaeilge do gach páiste agus duine óg a chur in iúl ar leibhéal sóisialta, teangeolaíoch agus eacnamaíoch • Chun ábhair tharraingteacha, aoisoiriúnacha chumarsáide a chruthú a dhíríonn ar mhúinteoirí/mhúinteoirí faoi oiliúint, ar dhaltaí/dhaoine óga agus ar thuismitheoirí i suíomhanna oideachasúla meán-Bhéarla Scóip na hOibre Plean Cumarsáide An comhlacht rathúil: • Forbróidh sé plean straitéiseach cumarsáide a dhíríonn ar: • Bunscoileanna meán-Bhéarla • Iar-bhunscoileanna meán-Bhéarla • Institiúidí ardoideachais agus ar mhúinteoirí faoi oiliúint • Aithneoidh sé teachtaireachtaí tábhachtacha, pobail agus bealaí soláthair. • Molfaidh sé modhanna nuálacha éifeachtacha le dul i dteagmháil leo. Forbairt agus Soláthar an Fheachtais • Dearfaidh an comhlacht feachtas cumarsáide ilchainéalach agus cuirfidh sé i bhfeidhm é. • Cruthóidh sé sraith ábhar, ina measc, ábhar closamhairc agus acmhainní tacaíochta. • Déanfaidh sé cinnte go bhfuil an t-ábhar go léir éasca le teacht air, tarraingeach, agus oiriúnach le húsáid i suíomhanna oideachasúla. Déanamh Físeán Rud a bheidh lárnach san obair is ea sraith físeán d’ardchaighdeán: • Déanfaidh siad scrúdú ar bhuntáistí fhoghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna meán-Bhéarla • Beidh insint/snáithe scéil shoiléir ó dhearcadh na ndaltaí atá ag dul ó leibhéal na bunscoile go leibhéal na hiar-bhunscoile • Léireoidh siad go dílis glóir agus taithí na ndaltaí agus na scoláirí. • Cuirfidh siad béim ar dheiseanna sa saol a bhfuil nasc acu leis an nGaeilge (e.g. gairmeacha, naisc shóisialta, rannpháirtíocht chultúrtha) • Ba chóir go mbeadh siad oiriúnach le húsáid ar ardáin dhigiteacha, i seomraí ranga, agus mar chur i láthair. Ábhair Bhreise Fheachtais Molfaidh an comhlacht agus forbróidh sé meáin bhreise le tacú le teachtaireacht an fheachtais agus chun í a mhéadú. San áireamh anseo, beidh: • ábhar a bhaineann leis na meáin shóisialta (físeáin ghearra, grafaicí, feachtais) • Sraith straitéisí digiteacha le haghaidh scoileanna • Póstaeir agus ábhair chlóite • Ábhar idirghníomhach nó bunaithe ar an ngréasán • Imeachtaí nó tionscnaimh rannpháirtíochta scoile (más cuí) Amlíne Ba chóir na nithe seo a chur san áireamh in amlíne an tionscadail: • Céim phleanála agus taighde • Forbairt chruthaitheach • Déanamh na hoibre • Leathadh an fheachtais • Measúnú (Déanfar aontú ar an amlíne nuair a cheapfar an comhlacht.)

Amtliche Quelle

Quelle: TED - Tenders Electronic Daily (Publications Office of the EU)

Prüfen Sie alle Angaben stets in der amtlichen Bekanntmachung.

Zur amtlichen Bekanntmachung

Ähnliche Ausschreibungen

Verpassen Sie keine Ausschreibung wie diese

Erhalten Sie eine E-Mail zu neuen Ausschreibungen: Unternehmensdienstleistungen · Irland. Kostenlos.

Benachrichtigung einrichten